This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Cuireann Cumann Ceoldrámaíochta ITBÁC Handel's Acis and Galatea i láthair

Posted: 8 Meitheamh, 2018

Beidh Cumann Ceoldrámaíochta ITBÁC ar an stáitse den chéad uair le léiriú de Handel’s Acis and Galatea, le dhá thaispeántas le bheith ar siúl ar an 13 agus 14 Meitheamh i Halla Gleeson in ITBÁC, Sráid Chaoimhín ag 7.30pm.

Feictear an grá idir Galatea, nimfeach-farraige agus Acis, duine daonna, sa scéal tréadach seo ina gcloistear féasta ceart ceoil Bharócaigh. Tá clú agus cáil ar Acis and Galatea mar an ceoldráma tréadach ab fhearr riamh a chum Handel sa bhliain 1718. Chruthaigh sé an-chuid leaganacha den saothar, á athrú ó masque Béarla go serenata dátheangach Iodáilis agus Béarla, agus ar deireadh go ceoldráma dhá-ghníomh, an leagan is minice a léirítear sa lá atá inniu ann. Insítear sa scéal an grá idir Acis, aoire ón Arcáid agus Galatea, nimfeach, agus dearg-éag Polyphemus, atá mar fhathach.

Taibheoirí

Oisín Ó Dálaigh | Acis
Melissa Murphy | Galatea
Fionn Ó hAlmhain | Polypheme
Sam Earlwood | Damon
Maria Matthews | Ensemble
Sorcha Ní Neill | Ensemble
Keith Kearns | Ensemble

Stiúrthóir Ceoil | Grace Bergin
Stiúrthóir | Elyn Friedrichs

Is féidir ticéid a cheannach ar Event Brite agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó leathanach  Facebook Chumann Ceoldrámaíochta ITBÁC.